Is Féidir Linn

hero-curve

Is acmhainn dhigiteach í Is Féidir Linn, dírithe ar dhuine ar bith ar mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile. Féach trí na caibidlí thíos le teacht ar na frásaí, na hamhráin agus na rannta – bainteach le gach gné de shaol an teaghlaigh – agus saol trí Ghaeilge a bheidh romhat! Is féidir linn le chéile!

Is Féidir Linn is a digital resource aimed at anyone who wishes to use more Irish in the home. Browse the chapters below to see the phrases, songs and rhymes relating to all aspects of family life that you can incorporate into your daily routine!

Nóta buíochais

Bhí bród agus ríméad ar fhoireann Gaelbhratach an togra seo, Is Féidir Linn, a sheoladh. Is í príomhaidhm na scéime Gaelbhratach ná tacú le scoileanna atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn taobh amuigh den seomra ranga féin – agus tá tuismitheoirí, caomhnóirí agus an saol teaghlaigh go ginearálta ag croílár na sprice sin. D’eascair an tionscnamh ar dtús báire as comhráite eadrainn féin maidir leis an bhealach is fearr le tacú le tuismitheoirí agus iad ag tabhairt faoin scolaíocht bhaile ag tús na paindéime.

Bhí lúchair orainn leis an bhfreagairt lenár sraith #GaeilgeSaBhaile – a thug frásaí simplí i nGaeilge in oiriúint do ghnásanna laethúla sa saol teaghlaigh – ar na meáin shóisialta. Tháinig an cur chuige a bhí ag Áine Ní Shúilleabháin lena leabhar Bróga Nua, bailiúcháin de bhreis agus céad amhráin agus rannta do pháistí, díreach leis an choincheap a bhí againn féin. Is trí chompháirtíocht idir Gaelbhratach, Áine agus Treasa Ní Ailpín a tháinig Is Féidir Linn le chéile. Tá muid go mór faoi chomaoin ag Áine agus Treasa as a gcuid saineolais agus cruthaitheachta ó thús an tionscnaimh seo.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Gael Linn, Foras na Gaeilge agus an Roinn Oideachais as ucht a dtacaíocht leanúnach. Tá an togra seo maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Tá súil againn go mbainfidh sibh idir leas, sult agus spraoi as an áis seo a úsáid sa bhaile, beag beann ar an méid Gaeilge atá agat féin. Is féidir linn le chéile!

Pearsanra
Máire Breathnach: ceol agus píosaí cainte
MacDara Ó Conaola: ceol agus píosaí cainte
Amy McMahon: brandáil agus dearadh
Fiachra Ó Tórna: dearadh agus leagan amach
Stephen O’Brien: taifeadadh agus máistriú fuaime